San alt seo cuirtear i láthair torthaí nua taighde a thaispeánann go bhfuil coibhneas ann idir cumas labhartha Gaeilge agus leibhéal oideachais. Is léir ón taighde a rinne na húdair gur mó an seans go rachadh daoine le Gaeilge, ná daoine gan í, chun na hollscoile. Is ar shonraí a tháinig chun solais ó shuirbhé faoi fhéiniúlacht náisiúnta arinne an Clár Suirbhé Comhdhaonaí Idirnáisiúnta (International Social Survey Programme–ISSP) a bhunaigh na húdair a n-anailís. Is mó an gaol seo (idir oideachas agus cumas labhartha Gaeilge) i measc daoine a rugadh sna 1950dí agus sna 1960dí, agus go háirithe i measc ban den aois sin, ach níl an gaol seo le brath le roinnt blianta anuas de bharr athruithe a rinneadh ar an chóras oideachais agus de bharr an bhorrtha san eacnamaíocht. Pléitear na torthaí seo i gcomhthéacs na feidhme polaitiú la a rinneadh den Ghaeilge agus den chóras oideachais thar na glúinte in Éirinn, fiú ar na saolta deireanacha. Pléitear an tionchar a bhí ag athruithe sa chóras oideachais ar an Ghaeilge, chomh maith le tábhacht na Gaeilge mar chaipiteal cultúrtha agus sio mbalach.
Watson et al. (Wed,) studied this question.