Achoimre Dírítear aird san alt seo ar na hiarrachtaí is mó atá ar eolas againn i ndáil le bundrámaí Synge a aistriú go Gaeilge. In ainneoin nár scríobh Synge féin drámaí i nGaeilge, bhí tuiscint chuimsitheach aige ar an teanga agus bhí aithne mhaith aige ar an muintir a labhair ó dhúchas í. I ngan fhios do Synge, is é a rinne sé na bunchlocha a leagan síos do na haistritheoirí a tháinig ina dhiaidh chun a chuid bundrámaí a aistriú agus an Ghaeilge a athbhronnadh ar na drámaí. Le céad bliain anuas, chuaigh aistritheoirí éagsúla i ngleic le bundrámaí Synge arís is arís eile agus is léiriú é sin ar an tionchar agus ar an oidhreacht a bhí aige ar an teanga trí chéile. Déantar achoimre san alt seo ar na hiarrachtaí sin agus an chaoi ar glacadh leis na haistriúcháin Ghaeilge i ndiaidh bhás Synge.
No takes yet. Share an insight, caveat, or question.
JAMIE MURPHY (2024) studied this question.
Synapse has enriched 5 closely related papers on similar clinical questions. Consider them for comparative context: