Achoimre Is é atá san alt seo ná bailiúchán saothar Gaeilge (idir chinn atá i gcló agus cinn atá fós i bhfoirm lámhscríofa) a tháinig anuas chugainn ón ochtú haois déag agus ó bhlianta tosaigh na naoú haoise déag. Tá an bailiúchán roinnte ina thrí chuid: dhá cheann acu ar bhonn creidimh, idir cúig théacs tríochad atá Caitliceach agus dhá cheann is dhá scór díobh Protastúnach. Ansin, sa tríú cuid, tá cúig údar is seachtó ann a d’fhág saothair dá gcuid ina ndiaidh – tá cuid de na saothair sin curtha i gcló ó shin. Ach tá tuilleadh nach bhfuil i gcló go fóill – sin easnamh nár mhiste a líonadh. Ba mhór an chabhair don tionscnamh seo an t-ollsaothar le Richard Sharpe agus Mícheál Hoyne, Clóliosta: Printing in the Irish Language, 1571–1871 . An Attempt at Narrative Bibliography (2020).
No takes yet. Share an insight, caveat, or question.
Nollaig Ó Muráıle (2026) studied this question.
Synapse has enriched 5 closely related papers on similar clinical questions. Consider them for comparative context: