Textual analysis reveals deliberate authorial identity and daily literacy practices in Blasket writings, highlighting conscious literary agency among Irish-language island autobiographers.
Achoimre Tá mórán airde tugtha ag léitheoirí agus ag criticeoirí ar fud an domhain ar scéalta beatha an Bhlascaoid ó foilsíodh na chéad saothair i bhfichidí agus i dtríochaidí an fhichiú haois. San alt seo, déantar mionléamh ar thuiscintí Thomáis Uí Chriomhthain air féin, faoi mar a léirítear iad in An tOileánach , a foilsíodh den chéad uair sa bhliain 1929. Déantar scagadh chomh maith ar an léiriú a thugtar ar an ngné seo dá fhéiniúlacht i scríbhinní eile dá chuid, cuid acu ar téacsanna gearra iad nár foilsíodh ina n-iomláine go dtí seo. Aithnítear an mhuinín a bhí ag an gCriomhthanach as a chumas féin i réimsí éagsúla den saol agus déantar anailís ar an mbéim a leag sé ar a ról mar údar. Déantar iniúchadh chomh maith ar thagairtí gaolmhara do chúrsaí léitheoireachta agus scríbhneoireachta in Cín Lae Eibhlín Ní Shúilleabháin (2000), saothar nár tugadh an aird chéanna air go fóill agus a bhfuil léiriú luachmhar le fáil ann ar an léitheoireacht mar ghnáthchuid de shaol na mná óige seo ar an mBlascaod.
No takes yet. Share an insight, caveat, or question.
Deirdre Nic Mhathúna (2026) studied this question.
Synapse has enriched 5 closely related papers on similar clinical questions. Consider them for comparative context: